20 Ag dul ó chine go cine,Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,
21 Níor lig sé d'aon duine luí orthu,Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.
22 “Ná bainigí le mo lucht ungtha,” ar sé,“Ná déanaigí dochar do mo fháithe!”
23 Canaigí don Tiarna, a thíortha uile;Fógraígí a shlánú ó lá go lá.
24 Insígí faoina ghlóir i measc na gciníocha!Agus faoina éachtaí i measc na bpobal go léir.
25 Óir is mór é an Tiarna, agus tá sé le moladh go hard.Agus tá urraim ag dul dó thar na déithe go léir.
26 Níl sna déithe go léir ach neamhní,Ach rinne an Tiarna féin na spéartha.