29 Aibícháil ab ainm do bhean Aibísiúr. Rug sí dó Achbán agus Móilíd.
30 Clann mhac Nádáb: Sailid, Apáím. D'éag Sailid gan oidhre.
31 Clann mhac Apáím: Ísí. Clann mhac Ísí: Séiseán. Clann mhac Shéiseán: Achlaí.
32 Clann mhac Iádá, deartháir Sheamaí: Ieitir, Iónátán. D'éag Ieitir gan oidhre.
33 Clann mhac Iónátán: Peilit agus Zázá. Ba iadsan clann mhac Iarachmael.
34 Ní raibh aon chlann mhac ag Séiseán ach iníonacha. Bhí daor Éigipteach aige darbh ainm Iarchá.
35 Thug Séiseán a iníon mar bhean do Iarchá a dhaor. Rug sí Ataí dó.