37 Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael.
38 Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
39 agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.’ ”
40 Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.
41 An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna - nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh.
42 Mhair réimeas Sholaimh in Iarúsailéim ar Iosrael go léir daichead bliain.
43 Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.