6 Chuaigh Iótám i neart mar ghabh sé an cosán díreach i láthair an Tiarna a Dhia.
7 An chuid eile de stair Iótám, a chogaí go léir, agus a bhearta, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá?
8 Bhí sé cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim.
9 Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i gcathair Dháiví; tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.