8 D'fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís.
9 Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: “Tá sé chugat chun cath a chur ort.”Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá:
10 “Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: ‘An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre.
11 Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán?
12 Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár - ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir?
13 Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?’ ”
14 Ghlac Hiziciá an litir as lámha na dteachtairí agus léigh sé í. Chuaigh sé suas chuig Teampall an Tiarna ansin agus leath sé an litir amach os comhair an Tiarna.