18 Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.
19 Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.”
20 Maidin lá arna mhárach ag tráth íobartha na habhlainne, tháinig uisce ina dtreo ó Eadóm, agus líonadh an dúiche d'uisce.
21 Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.
22 Ar maidin, nuair a d'éiríodar, bhí an ghrian ag taitneamh ar an uisce, agus thaibhsigh an t‑uisce dearg mar fhuil uathu do na Móábaigh.
23 “Fuil é seo,” ar siad, “ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!”
24 Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d'éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.