6 Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach ormagus gaistí an bháis ar tinneall romham.
7 Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar;d'éigh mé chun mo Dhé.Chuala sé mo ghlór óna theampall,agus thug sé cluas do mo ghlao.
8 Luaisc agus chrith an talamh;tháinig creathán ar mháithreacha na spéire -tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.
9 Ghabh gal suas ó pholláirí a shróine,agus óna bhéal tine íditheacha las sméaróidí dearga.
10 Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé,agus scamall dubh faoina chosa.
11 In airde ar cheirib leis agus d'eitil,agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.
12 Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.