21 Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin.
22 Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóideá a thuill cáil dó féin i measc an tríochad.
23 Ba mhó cáil é na an tríocha, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda féin.
24 Duine den tríocha ab ea Asáhael deartháir Ióáb.Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
25 Seamá ó Harod.Eilíceá ó Harod.
26 Heiliz ó Phalat.Íorá mac Icéis ó Theacóá.
27 Aibíeizir ó Anatót.Sibeacaí ó Huiseá.