18 chun go n‑impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine.
19 Ansin foilsíodh an rundiamhair do Dhainéil i bhfís oíche. An sin bheannaigh Dainéil Dia neimhe.
20 Dúirt Dainéil:Go mbeannaítear ainm Dé ó aois go haoismar gur aige atá eagna agus cumhacht.
21 Athraíonn sé uaine agus réannaagus is é a leagann síos ríthe agus a ardaíonn ríthe,a thugann eagna do shaoithe,agus eolas dóibh siúd a bhfuil tuiscint acu.
22 Is é a léiríonn a bhfuil domhain agus diamhair,a bhfuil a fhios aige cad atá sa dorchachta bhfuil an solas ina chónaí fairis.
23 Duitse, a Dhia m'aithreacha, a bheirim buíochas agus moladhMar gur bhronn tú orm eagna agus [intleacht];féach anois mhúin tú dom an ní ar ghuíomar thú ar a shon;léirigh tú dúinn fadhb an rí.
24 Chuaigh Dainéil isteach go hAiríoc ar thug an rí ordú dó saoithe na Bablóine a scriosadh. Chuaigh sé chuige agus dúirt: “Ná scrios saoithe na Bablóine: tabhair mise isteach i láthair an rí agus foilseoidh mé don rí a chiall siúd.”