4 Chinn an Dainéil céanna ar na huachtaráin agus ar na satraip tríd an spiorad éachtach a bhí ann i dtreo gur bheartaigh an rí é a chur os cionn a ríochta uile.
5 Ansin chrom na huachtaráin agus na satraip ar chúis stáit a lorg le cur i leith Dhainéil, ach níor éirigh leo cúis ná locht a aimsiú, bhí sé chomh dílis sin, ná ní bhfuarthas faillí ná dearmad le cur ina leith.
6 Ansin dúirt an mhuintir seo: “Ní bhfaighimid cúis ar bith le cur i leith an Dainéil seo, mura bhfaighimid sin i gcúrsaí dlí a Dhé.”
7 Ansin [bhrúcht] na huachtaráin agus na satraip seo isteach i láthair an rí agus labhair siad leis mar a leanas: “A rí Dáire, fad gach aon fhaid ar do shaol!
8 Uachtaráin do ríochta, ceannairí, satraip, airí agus rialtóirí - táimidne uile d'aonaigne gur chóir don rí reacht a rith agus ordú mar a leanas a fhógairt: Cibé a iarrfaidh achainí ar bith ar aon Dia nó ar aon duine ach ortsa amháin ar feadh tríocha lá, é a theilgean isteach in uaimh na leon.
9 Anois, a rí, tabhair feidhm dlí don ordú agus sínigh an chairt i dtreo nach féidir athrú a dhul air de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.”
10 Uime sin shínigh an rí Dáire an chairt agus an reacht.