13 go bhfuil cladhairí áirithe de bhur gcuid féin, a ghabh amach agus a mheall lucht na cathrach á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol daoibh),
14 ansin déan fiosrú i dtaobh an scéil agus fiafraí agus diancheistiú. Má chinntítear agus má dheimhnítear gur tharla rud gráiniúil dá shórt in bhur measc,
15 ní foláir duit go cinnte an claíomh a imirt ar áitritheoirí na cathrach sin uile agus an chathair a scrios ó bhonn, agus idir áitritheoirí agus stoc go léir a mharú le faobhar claímh.
16 Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.
17 Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -
18 ar choinníoll is é sin, go ngéillfidh tú do ghuth an Tiarna do Dhia, agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir leis a ordaím duit inniu, agus go ndéanfaidh tú an ceart faoi shúile an Tiarna do Dhia.