25 Nuair a ghinfear clann agus clann clainne daoibh, agus go mbíonn tamall fada caite agaibh sa tír, má dhéanann sibh claonbhearta, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcló nó a chéile, ag cur olc ar an Tiarna agus fearg air,
26 an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad.
27 Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh.
28 Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil.
29 Ach lorgóidh tú an Tiarna do Dhia ón áit sin, agus má lorgaíonn tú é ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, gheobhaidh tú é.
30 I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór.
31 Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.