18 Chuaigh Maois amach dá bhrí sin ó Fhorann agus ghuigh sé chun an Tiarna.
19 Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.
20 Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael imeacht.
21 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.”
22 Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b'sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá.
23 Ní fhaca fear fear ná níor bhog duine óna stáitse ar feadh trí lá; ach bhí solas ag clann Iosrael mar a rabhadarsan.
24 Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”