12 Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
13 Ná déan marú.
14 Ná déan adhaltranas.
15 Ná déan goid.
16 Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
17 Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
18 Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar.