36 Ní foláir na cailísí agus na géaga a bheith d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán a bheith ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.
37 Ansin ní foláir duit lampaí a dhéanamh dó, seacht gcinn díobh, agus iad a chur i dtreo go gcaithfidh siad a solas uathu amach os a chomhair.
38 Caithfidh na smóladáin agus na sileadáin a bheith d'ór fíre.
39 Ní foláir tallann d'ór fíor a chaitheamh leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe.
40 Féach chuige go ndéanfaidh tú iad ar an bpatrún a taispeánadh duit ar an sliabh. ”