25 Ansin déanfaidh tú é a ghlacadh ar ais óna lámha agus é a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt loiscthe, mar bholadh cumhra i láthair an Tiarna; beidh seo ina ofráil loiscthe in onóir an Tiarna.”
26 “Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat.
27 Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d'Árón agus dá mhic an méid sin.
28 Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n‑íobairtí síochána; is é a n‑ofráil don Tiarna é.”
29 “Beidh éidí naofa Árón ag a mhic ina dhiaidh, le haghaidh a naomhaithe agus a n‑oirnithe.
30 An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”
31 “Déanfaidh tú reithe an insealbhaithe a ghlacadh chugat agus a fheoil a bhruith in áit naofa;