13 Istigh i measc na n‑ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti.
14 Agus phreab na hainmhithe anonn agus anall amhail splanc thintrí.
15 D'amharc mé ar na hainmhithe: bhí roth ar an talamh le hais gach ainmhí acu, roth amháin le hais gach ainmhí faoi leith den cheathrar.
16 Maidir le cuma na rothaí agus a ndéanamh bhí a gcuma mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad déanta mar a bheadh roth amháin i lár rotha eile.
17 Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de cheithre aird gan claonadh óna gcúrsa.
18 Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d'fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall.
19 Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a d'éiríodh na hainmhithe ón talamh d'éiríodh na rothaí ón talamh.