17 Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de cheithre aird gan claonadh óna gcúrsa.
18 Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d'fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall.
19 Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a d'éiríodh na hainmhithe ón talamh d'éiríodh na rothaí ón talamh.
20 Aon áit a dtéadh an spiorad théidís-sean, agus d'éiríodh na rothaí leo de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí.
21 Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaisidís-sean, nuair a stadaidís stadaidís-sean, nuair a d'éiridís ón talamh d'éiríodh na rothaí mar aon leo, de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí.
22 Os cionn chloigne na n‑ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn.
23 Faoin bhfirmimint seo bhí a sciatháin spréite amach i dtreo a chéile agus bhí dhá sciathán ag gach ainmhí ag clúdach a choirp.