23 Faoin bhfirmimint seo bhí a sciatháin spréite amach i dtreo a chéile agus bhí dhá sciathán ag gach ainmhí ag clúdach a choirp.
24 Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos,
25 agus bhí gleo ann (os cionn na firmiminte, lastuas dá gcloigne; ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos).
26 Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir.
27 In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall.
28 An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.