2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Fhorainn, rí na hÉigipte, agus tairngir ina éadan agus in éadan na hÉigipte uile.
3 Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Féach, tá mise i d'aghaidh,a Fhorainn, a rí na hÉigipte,a chrogaill mhóir,ag únfairt i lár srutháin na Níle,a deir: ‘Is liomsa féin an Níl,mise a rinne [í].’
4 Cuirfidh mé duáin trí do ghiallaagus tabharfaidh ar éisc do shruthándul i bhfostú i do lanna.Tabharfaidh mé aníos thú as do shrutháinagus éisc uile do shrutháni bhfostú i do lanna.
5 Caithfidh mé amach san fhásach thú,tú féin agus éisc uile do shruthán;titfidh tú ar mhachaire lom,gan do chruinniú le chéilená do chur sa talamh.Tabharfaidh mé mar bhia thúdo bheithígh an mhachaireagus d'éanlaith an aeir,
6 ionas go dtuigfidh muintir uile na hÉigiptegur mise an Tiarna.Óir bhí tusa mar bhata giolcaíag muintir Iosrael.
7 Nuair a rug siad greim ortbhris tú ina lámha,agus réab a nguaillí uile;nuair a lig siad taca leatbhris tú arísagus chuir a leasracha ar crith.
8 “Ar an ábhar sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé an claíomh anuas ort agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch.