4 Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú,teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú,tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ortagus ar bheithígh an domhain thú a alpadh.
5 Scaipfidh mé do chuid feola ar na sléibhte,agus líonfaidh mé na gleannta le do chonablach.
6 Fliuchfaidh mé le do shruth folaan talamh fad leis na sléibhte;agus beidh na claiseanna lán díot.
7 Nuair a scriosfaidh mé thúclúdóidh mé na spéartha,agus dorchóidh mé na réaltaí;cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamallagus ní thabharfaidh an ghealach a solas.
8 Tabharfaidh mé ar shoilse uile na spéiremúchadh os do chionn,agus ar an dorchadas titim anuas ar do thír- an Tiarna Dia a labhraíonn.
9 “Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit.
10 Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.