18 Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir.
19 Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas.
20 Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar.
21 Roinnfidh sibh an tír seo eadraibh, de réir treibheanna Iosrael.
22 Roinnfidh sibh é mar oidhreacht oraibh féin agus ar na coimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus a ghin páistí in bhur measc. Beidh siadsan mar dhúchasaigh i measc chlann Iosrael; gheobhaidh siad oidhreacht le crannchur mar aon libhse i measc treibheanna Iosrael.
23 Tabharfaidh sibh a n‑oidhreacht don choimhthíoch de réir na treibhe lena gcónaíonn sé - an Tiarna Dia a labhraíonn.”