10 Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.
11 Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.
12 Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin.
13 Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.
14 Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta.
15 Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.
16 Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna.