4 Is cosúil leis an solas a dhealramh;as a lámha bladhmann gathanna gealáin.Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
5 Ar a aghaidh amach gabhann an phlá;tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
6 Nuair a sheasann sé critheann an talamh.Le leagan a shúl croitear na náisiúin.Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit;cromann na beanna bithbhuana síos,a sheanbhealaí riamh anall.
7 Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
8 An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?
9 Tógann tú do bhogha as a chumhdach:cuireann tú saigheada lena shreang. SelahScoilteann tú an talamh le srutháin.
10 Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad.Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh.Ligeann an duibheagán búir;ardaíonn sé a lámha chun neimhe.