5 Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáiremar gheall ar lao Bhéit Ávan.Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi,agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall,mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.
6 Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte,mar cháin [don Ardrí].Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael,de dheasca na drochchomhairle a lean sé.
7 Díothófar an tSamáir agus a rí,agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.
8 Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha,mar a bpeacaíonn Iosrael,agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí.Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”,agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”
9 Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca;níor éirigh siad as riamh!Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?
10 Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairíchun iad a smachtú.Cruinneoidh mé na náisiúin ina n‑aghaidhchun cimí a dhéanamh díobhin éiric an dá choir a rinne siad.
11 Budóg dhea-riata ba ea Eafráim,ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair;mise a chuir cuing ar a muineál álainn.Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa,agus Iacób chun fuirste.