5 Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí;
6 Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta.Tugann sé a chuid don bhocht,
7 Agus cosnaíonn cearta an fhíréin.Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach,Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,
8 Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad,Go daingean i mbraighdeanas an anró.
9 Fógraíonn sé a mbearta dóibh,Agus peacaí an uabhair a rinne siad.
10 Cuireann sé cogar ina gcluais,Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.
11 Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,Agus a mblianta deiridh go sochma.