14 Níl ina mhuinín ach tráithnín,Agus ina mhisneach ach líon damhán alla.
15 Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé.Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé.
16 Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin,Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.
17 Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch,Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha.
18 Fuadaigh as a leaba é,Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.
19 Tiormaíonn [an ghrian] é, féach,Agus fásfaidh a thuilleadh ón talamh.
20 Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan,Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.