12 pobal ar dhúirt sé leo uair: “Seo scíth daoibh!Tabhair scíth don duine tuirseach!Is é seo an suaimhneas!”- Ach níorbh áil leo éisteacht.
13 Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo:“Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta,ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta,breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,”sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim,go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.
14 Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta,atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!
15 Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás,agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach.Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart,ní shroichfidh sé fad linne;mar tá dídean faighte againn sa bhréag,agus sa chealg fuaireamar foscadh.”
16 Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo:“Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa,cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn:an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.
17 Agus is í an chóir a bheas ina dorú ingir agamagus an fhíréantacht mar leibhéal agus mé á leagan.Ach scuabfaidh an clochshneachta dídean na mbréag leisagus cartfaidh na huiscí bhur bhfoscadh chun siúil”;
18 brisfear bhur gconradh leis an mBás,agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh.Nuair a thagann rabharta an aimhlis,brúfaidh sé síos lena thoirt sibh;