1 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras,an té ar rug sé ar láimh dheis airchun na ciníocha a leagan ina fhianaiseagus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile;chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteachionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.
2 “Siúlfaidh mise romhat mé féinchun na cnapáin a dhéanamh cothrom.Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis,gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.
3 Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choimatá cnuasta i gcillíní rúin,chun go dtuige tú gur mise an Tiarna,Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.
4 Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacóbagus le hIosrael, mo rogha,a ghlaoigh mé i d'ainm ort,ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.
5 Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;ach mise amháin, níl aon dia ann.Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam