2 Ghlaoigh sé chuige le chéile a gharda uile agus príomhoifigigh a airm agus mhínigh dóibh an rún a bhí glactha aige. D'inis sé tríd síos ina fhocail féin an t‑olc go léir a bhí déanta ag muintir an réigiúin sin.
3 Agus d'aontaigh siad go mba cheart bascadh agus bás a imirt ar chách nár ghéill d'ordú an rí.
4 Sea, níor thúisce ráite ná beartaithe é, agus níor thúisce beartaithe é ná ghlaoigh Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, ar Holofarnaes chuige. B'shin ardcheannasaí an airm, fear nach raibh os a chionn ach an rí féin.
5 “Seo mar a ordaíonn an t‑ardrí, tiarna an domhain,” ar seisean leis. “Bí chun bóthair uaim, agus beir leat fir nach bhfuil amhras faoina gcumas, timpeall céad agus a fiche míle de choisithe agus eachra chomh maith - dhá mhíle déag marcach.
6 Gluais leat i gcoinne ciníocha uile an iarthair, nár thug aird ar m'fhocal.
7 Abair leo cré agus uisce a bheith ullamh acu, mar go mbeadsa chucu i bhfearg. Ní bheidh fód caol dá dtír nach leagfaidh saighdiúir liom cos air, agus é tugtha dóibh agamsa mar chreach.
8 Ní bheidh clais ná cumar nach mbeidh lán suas d'fhir ghonta agus beidh na sileáin agus na haibhneacha thar a mbruacha amach lena mbeidh de chorpáin caite iontu.