1 Ochón!Tá an Tiarna tar éis duibhe a churar iníon Shíón le corp cuthaigh;theilg sé ó neamh go talamháilleacht Iosrael;níor chuimhin leis stóilín a chosar lá a chuid díbheirge.
2 Scrios an Tiarna go neamhthrócaireacháitribh uile Iacóib;chreach sé go fíochmhar feargachdúnta iníon Iúdá;leag sé ar lár agus thruailligh séan ríocht agus a flatha.
3 Bhasc sé le fraoch feirgecumhacht uile Iosrael;níor thug sé tacaíocht a dheasláimhein aghaidh an namhad;las sé suas in Iacób mar chraos tinea d'ídigh a raibh ina thimpeall.
4 Theann sé a bhogha mar namhaidagus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara;rinne sé ár orthu siúdar lán a shúl iad tráth;lig sé a racht amach mar thinear bhoth iníon Shíón.
5 D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid;rinne sé Iosrael a mhilleadh;scartáil sé a caisleáin go léir;leag sé a dúnta daingne;mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnacha bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.
6 Scrios sé an gairdín agus a bhoth;chreach sé a ionad teagmhála;i Síón chuir an Tiarna ar cealan tionól féiliúil agus an tsabóid;le racht cuthaigh thug sé droim láimhedon rí agus don sagart araon.
7 Rinne an Tiarna a bheag dá altóir;ghlac sé fuath dá shanctóir;chuir sé ballaí a caisleáni seilbh a naimhde nimhneacha;tógadh gártha i dteach an Tiarnamar a thógfaí ar fhéile reachtúil.