2 “Labhair le clann Iosrael agus abair:Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:
3 Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
4 Tugadh sé an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; leagadh sé a lámh ar cheann an tairbh agus maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna.
5 Tógadh an sagart ungtha cuid d'fhuil an tairbh agus tugadh sé leis isteach i mBoth na Teagmhála í.
6 Tumadh an sagart ungtha a mhéar san fhuil agus croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire os comhair fhial an tsanctóra i láthair an Tiarna.
7 Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.
8 Seo leanas a dtógfaidh sé de shaill tharbh íobairt an pheaca: an tsaill timpeall an ionathair agus an tsaill ar an ionathar,