32 Más uan a thugann sé leis mar íobairt pheaca, tugadh sé leis ceann baineann gan mháchail.
33 Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca, agus maraíodh sé é mar íobairt pheaca mar a maraítear na huileloiscthigh.
34 Tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile dá fuil ag bun na haltóra.
35 Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.