15 Ansin loiscfidh an tine thú;ciorróidh an claíomh thú;(ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste).Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste;déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh.
16 Cuir le do chuid trádálaithechun go mba líonmhaire iad ná réaltaí neimhe;leathann na lócaistí a sciatháinagus eitlíonn siad leo;
17 bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaighagus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí,a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar.Ach nuair a éiríonn an ghrian,imíonn siad as radharcagus ní bhíonn a fhios ag aon duinecá mbíonn siad.
18 Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí,(a rí na hAsaíre)!Cad é mar atá do laochrai dtoirchim suain!Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhteagus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.
19 Níl aon legheas ar do lot;is marfach í do chneá.An uile dhuine a chloiseann do scéal,buaileann sé bosa mar gheall ort.Óir cé air nár luighdo dhanarthacht gan staonadh?