31 Go maire glóir an Tiarna go brách!go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé!
32 Le sileadh súile cuireann sé an talamh ar crith;má leagann sé barr méire ar na sléibhte, tiocfaidh toit astu!
33 Beidh mé ag canadh don Tiarna fad a mhairfidh mé;molfaidh mé mo Dhia fad is beo dom.
34 Go mba taitneamhach leis briathra mo bheil;is sa Tiarna a dhéanfaidh mé gairdeas.
35 Go scriostar na peacaigh as an talamh;agus go dté na hurchóidigh ar ceal.Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!