146 Glaoim ort; déan mé a tharrtháil;agus coinneoidh mé d'fhorálacha.
147 I moiche na maidine bím ag glaoch ort;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
148 Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche,ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.
149 Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá;beoigh mé de réir d'aithne.
150 Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom,agus iad i bhfad ó do dhlí.
151 Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna;agus is dílis iad d'aitheanta.
152 Is fadó a d'aithin mé ar d'fhorálachagur dhaingnigh tú iad go brách.