155 Is fada an slánú ó na peacaigh,toisc nach cúram leo d'fhoraitheanta.
156 Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna;beoigh mé de réir d'fhoraitheanta.
157 Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha;ní chlaonaim ó do phroiceapta.
158 Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé,toisc nár choimeád siad do bhriathar.
159 Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna;coinnigh beo mé le do bhuanghrá.
160 Is í an bhuaine buaic do bhriathair;maireann do reachtanna go brách.
161 Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth;ach is eagal liom do bhriathra.