1 Le Dáiví. 1 A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí;óir d'éist tú le briathra mo bhéil.Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n‑aingeal;
2 agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse,a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].
3 D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort;agus chuir tú le neart m'anama.
4 Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
5 Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”