4 An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhiatiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu.Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chorná ní chluinfear a n‑ainmneacha go brách ar mo bheola.
5 Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta;agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.
6 Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille:is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.
7 Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.
8 Coimeádaim an Tiarna de shíor i m'intinn:agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.
9 Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam;agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.
10 Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbhná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.