3 Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl,agus bím ag siúl de réir d'fhírinne.
4 Ní bhím i bhfochair lucht éithighná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.
5 Is gráin liom tionól na n‑urchóideach,agus ní shuím i bhfarradh na n‑éagráifeach.
6 Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna,agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.
7 Bíonn altú buíochais á chanadh agam,agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.
8 Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras,don áit a gcónaíonn do ghlóir.
9 Ná sciob mé chun siúil leis na peacaighná m'anam le lucht doirte fola;