4 Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae,agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar,a chealgaire ghlic.
5 Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas,an t‑éitheach ná an fhírinne.
6 Is áil leat an uile chaint dhíobhálach,a theanga na camastaíola.
7 Uime sin déanfaidh Dia do scriosadhagus do mhilleadh go deo.Sracfaidh sé as do bhoth amach thúagus bainfidh sé amach ó fhréamh thúas talamh na mbeo.
8 Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu;beidh siad ag gáire faoi, á rá:
9 “Sin é an fear nár mhian leisgo mbeadh Dia ina dhaingean aige,ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoineagus a neart ina choirpeacht.”
10 Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé;‘s tá mo dhóchas i ndilghrá Dégo brách agus choíche.