20 Is fíor nuair a bhuail sé an charraiggur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte;ach an féidir dó arán a thabhairt dúinnnó feoil a sholáthar dá phobal?”
21 Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg éagus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib.Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael
22 de bhrí nár chreid siad i nDiaagus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh.
23 D'aithin sé do néalta neimheagus d'oscail sé doirse na spéire;
24 d'fhear sé anuas orthu manna le hitheagus bhronn sé bia ó neamh orthu.
25 D'ith an duine arán na n‑aingealóir thug sé flúirse bia dóibh.
26 Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucuagus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.