40 Bhris tú do chonradh le do ghiolla;agus thruailligh tú a choróin sa deannach.
41 Leag tú a mhúrtha go léir;agus d'fhág tú a dhún ina fhothrach.
42 Creachann a ngabhann an tslí éionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana.
43 D'ardaigh tú deaslámh a naimhde;chuir tú áthas ar a eascairde go léir.
44 Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh;is níor thug tú an bua dó sa chath.
45 Chuir tú cosc lena ghlóir-réim;leag tú a ríchathaoir ar lár.
46 Ghiorraigh tú laethanta a óige;agus d'fhág tú faoi náire shaolta é.