4 Crann beatha í teanga shéimh,ach briseann an urchóid inti an croí.
5 Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar,ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.
6 Tá mórán maoine i dteach an fhíréin,ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.
7 Scaipeann beola na saoithe eolas;ní mar sin le croí na n‑amadán.
8 Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh;is gean leis urnaí an fhíréin.
9 Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh,ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.
10 Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán;an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.