6 Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7 Scriosann béal an amadáin é féin,agus is gaiste dó a bheola.
8 Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
9 An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,is deartháir é don scriosadóir.
10 Túr daingean ainm an Tiarna,ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
11 A mhaoin is cathair thréan don saibhir;is balla ard í, dar leis.
12 Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.