13 Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachtad'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;
14 Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh,ar gean leo an chamastaíl,
15 Ar casta iad a gcosáinagus nach siúlann ach ar bhealaí cama.
16 Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta,ón strainséir mná lena briathra bladair;
17 Threig sise céile a hóigeagus rinne dearmad ar chonradh Dé.
18 Tá a teach ag fiaradh chun báis,agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí.
19 Ní fhilleann aon duine a théann ina treo,ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.