2 Cuir scian chun do scornaí,má tá luí le craos agat.
3 Ná cuir dúil ina shólais,mar níl siad iontaofa mar bhia.
4 Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine,agus ná bain le [breis bhradaigh].
5 Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi,fásfaidh sciatháin uirthi,dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.
6 Ná caith béile le duine gortachagus ná bíodh dúil agat ina shólais,
7 Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos;“Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.
8 Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag,agus rachaidh do bhladar amú.