1 Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar,agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.
2 Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann,ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.
3 Lasc don each, srian don asalagus bata do dhroim na n‑amadán.
4 Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise,le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.
5 Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoisele heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.