1 Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach,mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.
2 Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é;déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.
3 Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh,ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.
4 Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg,ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?
5 Is fearr ceartú os ardná grá faoi cheilt.
6 Créachta gan ghoimh a thugann cara;is iomadúil iad póga eascarad.
7 Is beag ar an sáitheach mil,ach is milis leis an ocrach gach searbh.