1 Is méanar don fhear a bhfuil bean chéile mhaith aige;méadófar líon a laethanta faoi dhó.
2 Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear,agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.
3 Tabhartas breá is ea bean chéile mhaith;bronnfar í mar chuid an té a bhfuil eagla an Tiarna air.
4 Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sasta;agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí.